Cuige Laighean Sinn Fein Sinn Féin -- Building an Ireland of Equals

Culture

Constitutional pre-amble/obligation

'To promote the restoration of the Irish language and Irish culture and the widest knowledge of Ireland's history; to make Irish citizens conscious and proud of their traditional and cultural heritage; and to educate the citizens of the Republic in their rights and responsibilities as citizens.'

Vision

Our vision is to create a bilingual rights-based society at every level where all citizens are conscious and confident of their cultural identity.

Mission

To protect and promote our language amongst the Irish people as a working, living language and to elevate cultural revival to the centre of our project of building an Ireland of equals.

Foghlaim an Teanga

Is féidir leat Gaeilge a fhoghlaim tríd leabhair éagsúla a cheannach. Cabhróidh leabhair cosúil leis na cinn seo a leanas duit an teanga a fhoghlaim agus chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge:

You can learn Irish by choosing from a variety of books to buy. Books such as the following will help you to learn Irish and to improve the Irish you have:

  • Teach yourself Irish - Diarmuid Ó Sé, Joseph Sheils.
  • Buntús Cainte- Gael Linn
  • Tús Maith- Risteard McGowan
  • Turas Teanga- Éamonn Ó Dónaill
  • Now you're talking- Gill & Macmillan

Tá suíomhanna idirlíon ar fáil chun cabhrú leat Gaeilge a fhoghlaim:

There are websites available to help you to learn Irish:

www.Byki.com (Software package)
www.beo.ie
www.gaeltalk.net (Online language course)


An tslí is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ná chun freastail ar ranganna Gaeilge. Beidh an deis agat ceisteanna a chur agus chun Gaeilge a chleachtadh le daoine eile. Chun eolas a fháil ar ranganna i do cheantar seol ríomhphost chuig- ranganna@cnag.ie
The best way to learn Irish is to attend Irish classes. You have the opportunity to ask questions and to practice Irish with others. To avail of information on classes in your area email- ranganna@cnag.ie

Bain úsáid as an teanga


· Labhair í - Speak it
Foghlaim frása amháin gach lá. Bain úsáid as pé Gaeilge atá agat cheana féin. Muna bhaineann tú úsáid as, caillfidh tú í. Frásaí cosúil le - Dia dhuit, Conas atá tú, Slán go fóill - Tá na frásaí seo ag an gcuid is mó de dhaoine cheana féin.
Is féidir leat freastail ar grúpaí comhrá chun do chuid Gaeilge a chleachtadh. Tá tú in ann níos mó eolas faoi na grúpaí seo i do cheantar a fháil ón leabharlann poiblí áitiúil.
Learn one phrase everyday. Use whatever Irish you already have. If you don't use it, you'll lose it. Phrases such as - Hello, How are you, Goodbye for now - Most people have these phrases already. You can attend conversational groups to practice your Irish. You can avail of more information on these groups from your local public library.

· Bain úsáid as an leagan Gaeilge de d'ainm. Tá gach ceart agat é seo a dhéanamh de réir an dlí. Glacadh le d'aimn as Gaeilge agus as Béarla, níl ort dul tríd córais dleatha.
Use the Irish version of your name. You have every right by law to do so. Your name is accepted in Irish and in English without you having to go through the legal system.

· Bain úsáid as an leagan Gaeilge de do sheoladh baile. Ní bheidh aon moill maidir le post. Tugann Oifig an Phoist aitheantas d'ainm gach ceantar I nGaeilge agus i mBéarla.
Use the Irish version of your address. This will not cause any delay with post as the name of every area is recognised in both Irish and English by the post office.

Cuir an teanga chun cinn

· Tríd an teanga a labhairt gach lá, fiú giota beag, spreagann tú daoine eile chun é a labhairt. Tríd é seo a dhéanamh tá tú ag cabhrú le hathbheochan na Gaeilge.
By speaking the language everyday, even a small amount, you encourage others to speak it. By doing this you are assisting in the revival of the language.

· De réir an dlí tá an ceart agat do bhillí go léir a fháil as Gaeilge -
Billí gutháin, gáis, leictreachais, srl. Ní gá duit ach glaoch a chur ar an gcomhlacht.
By law you are entitled to receive your bills in Irish - phone bills, gas bills, electricity bills, etc. All you have to do is to phone the company.

· Caith Fáinne. Nuair a chaitheann tú Fáinne taispeánann sé go bhfuil tú in ann Gaeilge a labhairt. Tá dhá Fáinne ann - Ór - Líofa
Airgead - Cómhrá Bunúsach. Labhróidh Gaeilgeoirí eile leat as Gaeilge má chaitheann tú Fáinne. Is féidir iad a cheannach sa Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath nó i siopaí cuimhneacháin.
Wear a Fáinne. When you wear a Fáinne it shows that you can speak Irish. There are two Fáinne - Gold - Fluent, Silver - Basic conversation. Other Irish speakers will speak in Irish to you if you wear a Fáinne. You can buy them in the Siopa Leabhair on Harcourt St. in Dublin or in souvenir shops.

· Roghnaigh ainm Gaeilge má tá tú ag súil le leanbh.
Choose an Irish name if you are expecting a baby.

· Roghnaigh ainm Gaeilge le haghaidh do chomhlacht.
Choose an Irish name for your business.

· Cabhraigh le do chlann agus do chairde Gaeilge a fhoghlaim má tá sí agat féin.
Help you family and friends to learn Irish if you have it yourself.

'a free Ireland must not only be free but Gaelic speaking while a Gaelic speaking Ireland must not only be Gaelic speaking but free also.' Pádraig Mac Piarais

Forógra na Poblachta

Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann do Mhuintir na hÉireann

A Fheara na hÉireann! A Mhná na hÉireann! In ainm Dé agus na marbhghlún a phronn seanchuimhne na náisiúntachta uirthi, cuireann Éire, agus sinn thar a cionn, gairm slógaidh ar a clainn theacht faoi scáth a brataí le buille a bhualadh ar son a saoirse.

I ndiaidh daoithi fanacht go ciúin ar feadh i bhfad ag faire ar a faill, agus í ag cruinniú a cuid fear le chéile lena n-oiliúint le haghaidh cogaíochta le cabhair óna rúnchumann réabhlóideach, Bráithreachas na Poblachta, comh maith leis an dá chumann poiblí, Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tá Éire ag breith ar a haiméar anois, agus í ag airdiú a láimhe le buille na buaidhe a thabhairt uaithi i muinín a cumhachta féin thar aon rud eile, siúd is go bhfuil sí ag fáil cuidiú ó lucht na himirce thar sáile agus ó chomhchogaithe cróga in Ilchríoch na hEorpa.
Dearbhaimid gur le muintir na hÉireann amháin a dtír féin agus a bhfuil de shaibhreas inti; agus gur fúthu féin amháin atá a rialú. I bhfad is mar atá Gaill i mbun na tíre, char chuir a ngabháltas ceart na nGael ar ceal, agus cha chuireann, ach na Gaeil a chur de dhroim an tsaoil. Chruthaigh gach líne de Ghaeil gurb acusan atá ceart rialaithe na tíre, agus chuir siad cath sé huaire ar fad le trí chéad bliain anuas le sin a chruthú. Leis an cheart sin a éileamh thar cionn ár nglúine féin gairimid anseo Poblacht agus Stát Neamhspleách d'Éirinn, agus sinn ag cur ár mbeo féin i ngeall le saoirse agus sonas a bhaint amach don tír agus í a airdiú ar comhleibhéal le náisiúin uilig an domhain.
Tá Poblacht seo na hÉireann ag iarraidh dílseacht achan duine de mhuintir na tíre anois, agus í ag geallstaint go gcinnteochaidh sí a gceart is cead a gcinn d'achan dream creidimh nó saindúchais, comh maith le leas cothrom achan duine is achan aicme sa Stát, beag beann ar na faltanais a chothaigh rialtas Gall inár measc le mionlach againn a dhealú ón tromlach sna laethanta a bhí.

A fhad is nach dtig le muintir na hÉireann Rialtas dá gcuid féin a thoghadh is a chur ar bun, beidh an rialtas sealadach s'againne ag déanamh ár ndichill ag tabhairt aire do ghnáthchúrsaí rialaithe na tíre.

Guímid beannacht Dé sna Flaithis ar Phoblacht na hÉireann agus ar airm lucht a fuascailte, agus súil againn nach dtarrónfaidh aon duine acusan náire ar an chúis uasal frí chladharthacht, cruálacht ná amhasóireacht. Ar an lá ghlórmhar seo tá múineadh is dea-iompar de dhíth ar Chlanna Gael comh maith le crógacht gaisce agus umhlacht anama, agus caithfidh achan duine againn bheith meáite ar chruatan a fhuilstin ar mhaithe leis an chuid eile mar chruthúnas air go bhfuilimid ar comhonóir leis an chinniúint oirirc atá romhainn amach.

TOMÁS Ó CLÉIRIGH
TOMÁS MAC DONNCHADHA
ÉAMONN CEANNT
SEÁN MAC DIARMADA

PÁDRAIC MAC PIARAIS
SÉAMAS Ó CONGHAILE
SEOSAMH PLUINCÉAD